Monday, October 5, 2009

Foilseacháin An Gúm

Tá cnúasacht, beagnach iomlán, sa Leabharlann de na haistriúcháin a deineadh sa Ghúm ó na daicheadaí i leith.

I measc na leabhar seo tá claisicí, mar shampla
Árda Wuthering (Emily Bronte) aistrithe ón mBéarla ag Seán ó Cíosáin; Ise (H.Rider Haggard) aistrithe ag Níall Ó Domhnaill; Mná Beaga (L.M. Alcott) aistrithe ag Nioclás Tóibín; Ivanhoe (Sir Walter Scott) aistrithe ag Seosamh Mac Grianna agus Filéad na Banríoghaine (Canon Sheehan) aistrithe ag Séamus Mac Gríanna nó "Máire".

Bhí taispeántas de na háistriúcháin seo sa Leabharlann i mbliana mar chuid de chúrsa a bhí ag micléinn sa 3ú bliain acadúil, cúrsa roghnach faoí stiúir Gearóidín Laighléis.