Monday, May 17, 2010

Cad é an Gaelscéal?

Tá síntiús glactha ag an Leabharlann anois le haghaidh an nuachtáin nua Gaeilge, Gaelscéal. Tugann Gaelscéal spléachadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spórt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire mar aon le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá sé i mbun táirgíochta ó dheireadh mí an Mhárta. Foilsítear é ar an Aoine agus is féidir teacht air (mar aon le cóip de Foinse) ach dul chuig áit na n-irisí.

Tá an leagan leictreonach de ar fáil saor in aisce faoi láthair ar www.gaelsceal.ie. Bíonn fáil ar an leagan leictreonach dhá lá i ndiaidh fhoilsiú an leagain chlóite.