Showing posts with label Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Gaeilge. Show all posts

Thursday, October 4, 2012

Foilseacháin An Gúm

Tá cnúasacht, beagnach iomlán, sa Leabharlann de na haistriúcháin a deineadh sa Ghúm ó na daicheadaí i leith.

I measc na leabhar seo tá claisicí, mar shampla
Árda Wuthering (Emily Bronte) aistrithe ón mBéarla ag Seán ó Cíosáin; Ise (H.Rider Haggard) aistrithe ag Níall Ó Domhnaill; Mná Beaga (L.M. Alcott) aistrithe ag Nioclás Tóibín; Ivanhoe (Sir Walter Scott) aistrithe ag Seosamh Mac Grianna agus Filéad na Banríoghaine (Canon Sheehan) aistrithe ag Séamus Mac Gríanna nó "Máire".

Bhí taispeántas de na háistriúcháin seo sa Leabharlann i mbliana mar chuid de chúrsa a bhí ag micléinn sa 3ú bliain acadúil, cúrsa roghnach faoí stiúir Gearóidín Laighléis.

Wednesday, February 8, 2012

Seachtain na Gaeilge

Tá an Coláiste ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge go luath i mbliana (ón Luan, 6 Feabhra, go dtí an Aoine, 10 Feabhra)! Mar chuid den cheiliúradh sin tá ábhar Gaeilge ár mBailiúchán Speisialta á thaispeáint againn:

  • Bailiúchán Dolmen Press 
  •  Bailiúchán Three Candles Press 
  •  Bailiúchán Patricia Lynch 
  •  Bailiúchán DVDanna 
Le haghaidh tuilleadh eolais ar ár mbailiúcháin speisialta téigh chuig: http://leabharlann.spd.dcu.ie/IrishSite/Collections/CollectionsG.html agus le haghaidh tuilleadh eolais ar imeachtaí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge féach ar www.snag.ie.

----------------------------------

To celebrate Seachtain na Gaeilge the Library has curated an exhibition of the Irish language material currently held in our various Special Collections:

  •  The Dolmen Press collection 
  •  Three Candles Press collection 
  •  The Patricia Lynch collection 
  •  DVD collection 
For more information on our special collections see our here: http://leabharlann.spd.dcu.ie/EnglishSite/Collections/Collections.html and for more information on the official events of SnaG see www.snag.ie

Monday, February 21, 2011

Taispeántas Leabharlainne

The Library is currently exhibiting a selection of poems from contemporary Irish poets. The poems revisit traditional Gaelic folklore in a contemporary way. See below for more information.

Filí Comhaimseartha na Gaeilge agus an Traidisiún

Gné lárnach de chuid na filíochta comhaimseartha sa Ghaeilge is ea an úsáid chruthaitheach a bhaineann filí áirithe as foinsí dúchasacha. Agus iad ag tarraingt go comhfhiosach as acmhainní na scéalaíochta liteartha agus an bhéaloidis, ath-insíonn siad na scéalta sin i gcomhthéacs comhaimseartha, díríonn siad isteach ar phearsana, ar eachtraí agus ar théamaí ar leith, agus músclaíonn siad ceisteanna nua faoi bhrí agus faoi thábhacht na mbunsaothar féin.

Is éard atá sa taispeántas seo ná blaiseadh beag den phróiseas atá i gceist agus léiriú ar an gcaoi ar cuid bheo dhinimiciúil dár gcultúr na scéalta Rúraíochta agus na scéalta Fiannaíochta a bhfuil athleaganacha díobh tagtha anuas chugainn i lámhscríbhinní agus ó bhéal. Feicfear sa taispeántas seo: eagráin scolártha de na bunsaothair Ghaeilge; leaganacha do pháistí óga de chuid de na scéalta is cáiliúla; aistriúcháin go Béarla; leabhair thagartha; agus samplaí ó shaothar filí ar leith.

Wednesday, February 9, 2011

Seachtain na Gaeilge

Mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge an tseachtain seo, táimid ag cur na leabhar Gaeilge agus na leabhar Béaloidis is fearr linn ar taispeáint.

Tá siad le fáil in aice bhealach isteach na Leabharlainne agus tá an chuid is mó acu ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne a dteastaíonn uathu iad a léamh. Mar sin, buailigí isteach chugainn!

Tuesday, January 18, 2011

Comóradh an tAth. P.S. Ó Duinnín

Comóradh 150 bliain de bhreith foclóirí, file agus scríbhneoir, an tAthair Pádraig Stiofán Ó Duinnín 1860-2010.

Rugadh an tAthair P.S. Ó Duinnín Lá Nollag 1860. Tá taispeántas sa leabharlann faoi láthair, lena shaothar a chomóradh. Thosaigh an taispeántas an Nollaig a d'imigh thart, agus beidh sé ann go deireadh Eanáir 2011.

Bhí baint mhór aige le hAthbheochan na Gaeilge. Ba bhall é den Irish Text Society augs bhí sé mar chathaoirleach ar Chraobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge. Rinne sé eagarthóireacht ar thrí cinn de cheithre imleabhar de Foras Feasa ar Éirinn. Ach ba é foilsiú an fhoclóra Gaeilge-Béarla, a tháining ar an saol sa bhliain 1927, a thuill clú agus cáil dó agus áit speisialta i measc scoláirí mhóra na tíre.

Bhronn Ollscoil Náísiúnta na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 1930. Chuir sé sraith leabhar ar fáil do mhúinteoirí bunscoile - stair na hÉireann ina measc.

-----------------------------

The library is currently running an exhibition to celebrate the work of the Rev. P.S. Dinneen who was born 150 years ago on the 25th December 1860.

The exhibition has been running since December and will remain in place until the end of January 2011.

P.S. Dinneen was a very important contributor the Revival of the Irish Language. He was a member of the Irish Text Society and Chairperson of the Keating Branch of The Gaelic League. He edited three of the four volumes of Foras Feasa ar Éirinn. It was the 1927 edition of his Irish-English Dictionary which earned him a place among the Great Irish scholars. He was awarded with an honorary D.Litt from the National University of Ireland in 1930. He also produced a series of booklets designed for Primary School teachers which included – a history of Ireland.